Access Keys:

 
 
Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, Kilkeel, Newry

Seachtain na Gaeilge i nGaelscoil na mBeann

22nd Mar 2021

Bhain páistí Ghaelscoil na mBeann an-sult as Sheachtain na Gaeilge sa bhaile agus ar scoil i mbliana. Mar chuid de, bhí na páistí uilig ag úsáid a gcuid Gaeilge ar scoil agus sa bhaile agus bhí rang Pilates i nGaeilge ar Zoom againn le KB Pilates Flexibility. Nach iontach an Ghaeilge a úsáid le rudaí nua a dhéanamh agus a thriail?

Inniu, agus na páistí uilig ar ais ar scoil, chaith siad uilig t-léine dáite ag ceiliúradh 10 mbliana de Ghaelscoil na mBeann agus chruthaigh muid tuar ceatha galánta (le scaradh sóisialta) ar an pháirc peile lenár gcéad lá ar ais ar scoil a cheiliúradh.

Ár mbuíochas le coiste Chairde na mBeann as na himeachtaí seo a eagrú dúinn.

The pupils of Gaelscoil na mBeann thoroughly enjoyed this year's Seachtain na Gaeilge in school and at home. As part of it, the children made a huge effort to speak Irish in school and at home and we had an online Pilates class in Irish via Zoom with KB Pilates Flexibility. Isn't it great to try new things through our native language?

Today, with all classes back at school, the children wore coloured t-shirts celebrating 10 years of Gaelscoil na mBeann and we created a beautiful rainbow (with social distancing) on the football pitch to celebrate our first day back.

Many thanks to the committee of Cairde na mbeann for organising the events.