Access Keys:

 
 
Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, Kilkeel, Newry

Lá Idirnáisiúnta na mBan

8th Mar 2022

Inniu ar Lá idirnáisiúnta na mBan, táimid ag ceiliúradh na mná iontacha a oibríonn i nGaelscoil agus Naíscoil na mBeann agus a thacaíonn le pobal na scoile! Ar ndóighe, ba mhaith linn ár ndaltaí láidir, díográiseacha agus cliste a cheiliuradh fosta!

Bímid ag ceiliúradh cothromas agus cothrom na féinne do na mná ar an lá seo mar, go stairiúil, ní raibh cearta cothroma ag na mná. Cuimhnígí air seo, a chailíní. Tá gach rogha agaibh maidir leis an dóigh ar mhaith libh an saol s’agaibh a chaitheamh. Níor chóir do d’inscne cur isteach ar na mianta atá agat do do shaol.

Today on International Women's Day, we are celebrating the wonderful women who work in Gaelscoil and Naíscoil na mBeann and those who support our school community! Of course, we are also celebrating our strong, hardworking and intelligent pupils today!

We celebrate equality and fairness for women and girls on this day because historically, women did not have equal rights. Remember this, girls. The world is your oyster regarding how you want to live your life. Your gender should never affect the dreams and aspirations that you have.

Ní Saoirse go Saoirse na mBan!

There is no freedom until the freedom of women!