Access Keys:

 
 
Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, Kilkeel, Newry

Óg Chlub ar líne- Online Youth Club

10th Feb 2021

Is Óg Eagraíocht í Chumann na bhFiann atá ag freastal ar óige na hÉireann le breis is caoga bliain anuas le deis a chur ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht spreagúil. Déantar seo tríd Óg Chlubanna seachtainiúla a reáchtáil ar fud na tíre, mar aon le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta.

Leis na srianta atá i bhfeidhm le tamall anuas, tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi sraith d’Óg Chlubanna ar líne (Clubanna Fíorúla) d’aoisghrúpaí éagsúla. Reáchtálfar na Clubanna seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge, agus bíonn teorann de 12 ag freastal ar gach club le rannpháirtíocht gach duine a chinntiú.

Mar chuid de seo, ba mhaith le Cumann na bhFiann Clubanna breise a chur ar fáil do pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna i gCúige Uladh (Rang a 5-7), le deis breise a thabhairt dóibh an Ghaeilge a úsáid ach go háirithe i rith tréimhse an Scolaíocht Bhaile. Níl aon chostas ar na Clubanna seo faoi láthair.

Tá na clubanna seo ar oscailt do pháistí Ghaelscoil na mBeann atá i Rang a 5-7.

Foirm Clárúchán de Chlubanna Fíorúla i gCúige Uladh/Registration Form for Ulster Online Clubs

Má tá aon cheist agat faoi na Clubanna, ní gá ach teagmháil a dhéanamh liom ag an seoladh thíos.

Cumann na bhFiann is an Irish Language Youth Organisation who have been providing opportunities to young people for over 50 years to use their Irish in a fun environment. This is done through running weekly Youth Clubs all over the country, along with various regional and nationwide events.

With the ongoing restrictions that have been in place, Cumann na bhFiann are running a range of online (virtual) Youth Clubs for various age groups. These are run entirely through the medium of Irish, and each club is limited to 12 people to ensure full participation.

Along with this, Cumann na bhFiann would like to provide additional Clubs to the pupils of Gaelscoileanna in Ulster (P5-P7), to give them an extra opportunity to use their Irish especially during this period of Home Schooling. There is no charge at the moment for attending these Clubs.

These clubs are open to Gaelscoil na mBeann pupils in Rang 5-7

Foirm Clárúchán de Chlubanna Fíorúla i gCúige Uladh/Registration Form for Ulster Online Clubs

Should any Teacher or Parent have any questions regarding these Clubs, please don’t hesitate to contact me at the address below.

Ag súil go bhfuil sibh ar fad ag coinneáil slán.

Le gach meas ort,

Dónal Mac Cionnaith

Cumann na bhFiann

donal@cnb.ie