Access Keys:

 
 
Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, Kilkeel, Newry

Lá Glas agus ceiliúradh!

15th Mar 2023

A thuismitheoir, a chara,   Ba mhaith liom an deis seo a thapadh le comhghairdeas ó chroí a ghabháil le páistí Rang 4-7 agus leis na baill foirne uilig a bhí páirteach sa dráma Peadar Piongain agus a Chairde san Fhéile Scoildrámaíochta inné! Léirigh siad taispeántas den scoth agus bronnadh duais speisialta an mholtóra orthu ar son Cultacha, Dearadh agus Feisteas Ardáin agus ainmníodh an scoil le dul ar aghaidh go Féile Uladh ag deireadh na míosa seo! Beidh sé sin ag titim amach i Litir Ceannan, Dún na nGall ar an Mháirt, 28ú Márta 2023. Tuilleadh eolais le teacht.  

Mar chuid de cheiliúradh Lá na Féile Pádraig, beidh Lá Glas againn ar scoil amárach nuair a caithfear éadaí glasa. Chun cuidiú le costais taistil go Dún na nGall, iarraimid ar gach páiste ar a laghad £1 a ghlacadh isteach leo amárach le bhur dtoil.  

I would like to take this opportunity to congratulate the Rang 4-7 children and all the staff involved in the production of our drama Peadar Piongain agus a Chairde in the Féile Scoildrámaíochta yesterday! They put on an amazing show and were presented with the adjudicator's special prize for Costumes and set design as well as being named to progress to the all-Ulster competition at the end of the month! This will take place in Letterkenny, Donegal on Tuesday, 28th March 2023. Further information to follow.  

As part of our St Patrick's day celebrations, we will hold a Green Day tomorrow in school when everyone wears green clothes. To assist with travel costs to Donegal, we ask that every child brings a donation of at least £1 to school tomorrow.  

Go raibh míle maith agaibh