Access Keys:

 
 
Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, Kilkeel, Newry

Lá Dearg ar Scoil 13/05/22

11th May 2022

Beidh páistí na Naíscoile agus na Gaelscoil ag glacadh páirte i Lá Dearg ar Scoil ar an Aoine bheag seo, 13/05/22. Iarrtar ar na páistí éide dhearga a chaitheamh ar scoil ar an Aoine chun tacú leis an mhór-fheachtas ar son Chearta Teanga.

Mar eolas daoibh, beidh agóid mhór Lá Dearg ar siúl ar an 21ú Bealtaine i mBéal Feirste. Tá sé beartaithe ag an Dream Dearg go mbeidh sé seo ar an mhórshiúl is mó agus is glóraí dá raibh acu go dtí seo, agus go mbeidh Deargóirí as achan chearn agus daltaí scoile as achan scoil iomlán rannpháirteach ann.

Beidh siad ag teacht le chéile ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 1pm agus ag siúil le chéile a fhad le Halla na Cathrach, Béal Feirste, áit a mbeidh siamsaíocht agus spraoi go leor ann do theaghlaigh agus léiriú dearfach, soiléir ón phobal le feiceáil. Is Saol Trí Ghaeilge atá Uainn! Cearta, Cothromas, Cóir.

Naíscoil and Gaelscoil children will be taking part in a Lá Dearg ar Scoil (Red Day in school) this Friday, 13/05/22. All pupils are asked to wear red to school on Friday to support the campaign for language rights.

As you may know, the main Lá Dearg protest will take place on Saturday 21st May in Belfast. Dream Dearg are planning for this to be the largest and louest demonstration they have had to date, and that Deargóirí from every area and pupils from every school will take part.

They will be meeting at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich at 1pm and walking together to Belfast City Hall, where there will be plenty of entertainment for families. We are campaigning for a Life Through Irish! Rights, Equality and Equity.

*Please note: children singing in the choir at Confirmation on Friday can wear red to school but are asked to ensure they have their full school uniform with them to wear in the chapel.*

#AchtAnois #BeidhMuidAnn